text stringlengths 421 164k |
|---|
[Wikipedia:ga] Fisic
300px|deas|thumb|Samplaí de feiniméin fhisiceacha
Is éard is fisic ann (ón tSean-Ghréigis, φύσις (physis), "nádúr") ná eolaíocht nádúrtha a bhfuil mar chuspóir aici imscrúdú a dhéanamh ar dhamhna agus gluaisne an damhna trí spás agus am, mar aon le coincheapa atá bainteach leis amhail fuinneamh ag... |
[Wikipedia:ga] An Nollaig
:Baineann an t-alt seo le féile Chríostaí na Nollag. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.
Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis), fhéile bhliantúil lena gceiliúrtar breith Íosa Críost ar an 25 Nollaig.
De réir na soiscéal, rugadh Íosa do... |
[Wikipedia:ga] Constance Gore-Booth Markiewicz
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Constance Gore-Booth, níos deireanaí an Chuntaois Constance Markievicz (4 Feabhra 1868 Londain – 15 Iúil 1927 Baile Átha Cliath). "An Chuntaois Dhearg" a thugtaí uirthi mar gheall ar a cuid tuairimí sóisialacha. Áirít... |
[Wikipedia:ga] Airgeadra
Tugtar airgeadra ar an saghas airgid a mbaintear feidhm as i dtíortha éagsúla an domhain. De ghnáth, bíonn airgeadra oifigiúil i dtír a bhaintear feidhm as le fiacha a íoc go dleathúil.
alt=|clé|mion|277x277px|Ráta malairte, EUR USD 1999-2017. Mar shampla, fágadh drochbhail ar an dollar ar na ... |
[Wikipedia:ga] Na Náisiúin Aontaithe
Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó Na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc. Chomh maith leis an tsíocháin agus an t... |
[Wikipedia:ga] 3 Nollaig
Is é an 3 Nollaig an 337ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 338ú lá i mbliain bhisigh. Tá 28 lá fágtha sa bhliain.
Féilte
* Lá Idirnáisiúnta Daoine faoi Mhíchumas
Daoine a rugadh ar an lá seo
* 1753 — Samuel Crompton, ceapadóir Sasanach (b. 1827)
* 1800 — France Prešeren, file ... |
[Wikipedia:ga] Teanga
mion|clé|Teangacha an domhain
Maraon le aon choincheap casta, is deacair teanga a shainmhíniú go beacht; d´aontódh formhór na saineolaithe, ámh, gur córas aithrise agus cur in iúl é, a bhaineann feidhm as samhlú, maraon le meafar, agus saghas éigin gramadaí loighciúil. Baineann a lán teangacha f... |
[Wikipedia:ga] Ailtireacht
Ealaíon agus eolaíocht ar dhearadh foirgnimh atá san Ailtireacht. Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta, ó leibhéal macraiphleanáil bailte, dearadh cathartha, agus ailtireacht tírphictiúra go leibhéal micri-dhearadh troscán nó dearadh táirgí.
thumb|250px|An Parthenon ar ... |
[Wikipedia:ga] Eiscir Riada
mion|An Eiscir Riada san Contae na hIarmhí|Iarmhí
mion|Cluain Mhic Nóis
Tugtar Eiscir Riada ar an tsraith droimnín idir an áit a bhfuil Baile Átha Cliath inniu agus Cuan na Gaillimhe. Fuíoll oighearshrutha a leáigh ag deireadh na hOighearaoise atá ann. In aimsir na sean-Ghael, tógadh mórbhó... |
[Wikipedia:ga] Leath Choinn
Is ainm stairiúil ar an dtaobh thuaidh d’Éirinn é Leath Choinn, agus an deighilt á dhéanamh ag Eiscir Riada. Rí Gaelach sa ré réamhstairiúil a bhí i gConn, agus tar éis Mogh Nuadhad a bheith ruaigthe ón tír, d’fhill sé tar éis roinnt blianta. Ghabh sé seilbh ar an gcuid tíre ar a dtugtar Le... |
[Wikipedia:ga] Leath Mhógha
Is ainm stairiúil ar an dtaobh theas d’Éirinn é Leath Mhógha. Déanann Eiscir Riada an deighilt, agus ní cosúil gurbh fhada a lean an deighilt seo ar an tír. Díbríodh Eoghan Mogh Nuadhad, a bhí ag cur faoi i ndeiscirt na tíre, agus a raibh aighneas idir é agus an Rí Conn, go dtí an Spáinn. D... |
[Wikipedia:ga] Coinneach mac Ailpein, Rí na Scot
Tháinig Coinneach mac Ailpein nó Coinneach I ( Meán-Ghaeilge:Cináed mac Ailpin) i gcomharba ar a athair, Ailpín II, ar ríocht Dál Riata sa bhliain 841. Ba ghairid gur thóg sé freisin coróin na gCruithneach i 843, agus ba é an chéad rí a bhí os cionn Cruithnigh agus na n... |
[Wikipedia:ga] The Notorious B.I.G.
Ba rapcheoltóir cáiliúil as Brooklyn i Nua-Eabhrac i lár na 1990idí Christopher Wallace (21 Bealtaine 1972 - 9 Márta 1997), ar a tugadh Biggie Smalls mar leasainm, nó The Notorious B.I.G. níos minice. Ina chuid amhráin rapála, d'úsáid sé an leasainm Frank White chomh maith.
I measc... |
[Wikipedia:ga] Teangeolaíocht
mion|Teangeolaíocht as Gréigise (Γλωσσολογία) san IPA
Ciallaíonn teangeolaíocht an staidéar eolaíoch a dhéantar ar theanga. Tugtar teangeolaí ar dhuine a dhéanann an saghas seo staidéir.
Is féidir go bhfuil anailís fhoirm theanga, bhrí theanga, theanga i gcomhthéacs agus anailís na dtosc... |
[Wikipedia:ga] Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
Ar 5 Nollaig, 1492, tháinig Críostóir Colum go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán... |
[Wikipedia:ga] Damhsa
Ealaíon chorportha é an damhsa le gluaiseachtaí comhordaithe, a bhíonn rithimiúil de ghnáth agus á chleachtadh i bpáirt le ceol. Is ón bhfocal 'danse' sa bhFraincis a thagann an focal Gaeilge 'damhsa'. Tugtar 'rince' air freisin, agus deirtear gur ón seanrann Béarla do pháistí 'Ring a Ring a Rosy... |
[Wikipedia:ga] An Bhrasaíl
Is tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach.
clé|mion|220x220px|Rio de Janeiro, agus an Cristo Reden... |
[Wikipedia:ga] An tAigéan Ciúin
Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² (69.4 milliún míle cearnach) aige. Leathann sé 15,500 km (9,600 míle) ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san ... |
[Wikipedia:ga] Nokia
:Áit san Fhionlainn é Nokia freisin. Féach ar Nokia (cathair).
Ceann de mhórchomhlachtaí ríomhaireachta an domhain é Nokia, agus is sa bhFionlainn atá sé bunaithe. Is ar ghutháin soghluaiste is mó anois atá a cháil, i ré ina dtáirgtear go leor de ghutháin an domhain san Áise. Imeasc a chuid guthá... |
[Wikipedia:ga] Fón póca
Saghas gutháin is ea an fón póca (nó uaireanta teileafón póca, fón siúil, guthán soghluaiste) atá soghluaiste ar feadh limistéir mhór.
Stair
Tháinig an fón póca (i mBéarla, is gnách "Cellphone" a thabhairt orthu i Meiriceá Thuaidh, agus "Mobile" in Éirinn agus sa Bhreatain) go láidir ar aghaid... |
[Wikipedia:ga] Bacstaí
Tugtar bacstaí nó "steaimpí" ar cháca fataí a dhéantar a chócáil ar an bhfriochtán nó ar an ngrideall, agus is minic a dhéantaí san iarthar agus i dTír Chonaill in Éirinn iad.
Seo oideas amháin chun bacstaí a dhéanamh:
:500 gr prátaí amha
:500 gr prátaí buailte
:500 gr plúr bán
:Bainne
:Ubh an ... |
[Wikipedia:ga] Sasana
Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.
An tír
Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán Mhana... |
[Wikipedia:ga] Corn na Breataine
Tír Cheilteach agus contae i Sasana é Corn na Breataine nó an Corn (Coirnis: Kernow; Béarla: Cornwall) ar cuid den Bhreatain é. Is leithinis in iardheisceart Shasana é, siar ó abhainn na Tamaire. Is minice a mheastar Corn na Breataine ina chontae de chuid Shasana, cé go measann lucht n... |
[Wikipedia:ga] John McCormack
:Baineann an alt seo leis an tenor Gaelach. Le eolas faoin bpolaiteoir ó SAM, féach John William McCormack.
Teanór Éireannach de chlú domhanda ba ea John McCormack (14 Meitheamh, 1884 - 16 Meán Fómhair, 1945),
Chuaigh a chuid amhránaíochta i gcion go mór ar an bpobal. Bhí cáil air mar g... |
[Wikipedia:ga] Miotaseolaíocht
deas|250px|thumb|Bean sí - duine ó miotaseolaíocht na nGael
Tá miotaseolaíocht dá chuid féin ag beagnach gach uile chultúr. Baineann an miotaseolaíocht le déithe, sprideanna, daoine i gcruth ainmhithe agus ainmhithe i gcruth daoine, faibhle, scéalta a d'fhéadfadh bunús sa saol domhanda a... |
[Wikipedia:ga] Miotaseolaíocht na nGael
Baineann an t-alt seo le miotaseolaíocht na nGael.
Bhí miotais dá gcuid féin ag na sean-Ghaeil, agus tá roinnt mhaith eolais againn faoi. Bhí éagsúlacht sna déithe agus na creidimh eile ar fud na hEorpa in airde réim na gCeilteach, ach bhí aitheantas leathan ag déithe áirithe, ... |
[Wikipedia:ga] Eaglais na hÉireann
Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, agus cúige neamhspleách den Chumann Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Ordaithe ar bonn Uile Éireann, tá sí ar an dara eaglais is mó ar an oileáin, i ndiaidh na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí. Mar an gcéanna leis na heaglaisí Anglacánacha eile,... |
[Wikipedia:ga] Cuáit
Tír bheag i Murascaill na Peirse (nó na hAraibe) is ea Cuáit. Bhí an rítheaghlach Al-Sabah i gceannas ann faoi chosaint na Breataine ó 1899 go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1961. Tá teorainneacha aici leis an Iaráic agus leis an Araib Shádach.
Tíreolaíocht
Níl san achar iomlán ach 17,82... |
[Wikipedia:ga] An Laidin
Is í an Laidin an teanga a labhraítí i Latium (Lazio) fadó agus a chuaigh chun fairsinge sna sálaí ag saighdiúirí na hImpireachta Rómhánaí.
Tá an Laidin ina theanga oifigiúil sa Vatacáin i gcónaí. Thairis sin, craolann Raidió na Fionlainne nuacht as Laidin gach seachtain ón mbliain 1989 ar ag... |
[Wikipedia:ga] Cosslett Ó Cuinn
Scoláire, teangeolaí agus sagart ba ea an tOllamh Cosslett Ó Cuinn (27 Feabhra 1907 - 6 Nollaig 1995) ,
mion|Sráid Greencastle, Cill Chaoil |clé
Saol
Rugadh Cosslett Ó Cuinn i nDoire Eachaidh, Contae Aontroma. Ba é Charles Edward Quin, reachtaire Dhoire Achaidh, a athair agus ba í Edit... |
[Wikipedia:ga] Theobald Wolfe Tone
Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na hÉireann ab ea Theobald Wolfe Tone (20 Meitheamh 1763 – 19 Samhain 1798) ar a dtugtar Wolfe Tone go minic, nó Bhulbh Teón ar uairibh. Ba phríomhphearsa réabhlóideach é agus ceann de bhunaitheoirí Cumann na nÉireannach Aontaithe. Bhí sé mar c... |
[Wikipedia:ga] Contaetha na hAlban
Is ranna stairiúla agus cultúrtha d'Albain iad Contaetha traidisiúnta na hAlban.
Ní ag an am céanna a tháinig na teorainneacha go léir ann; mar shampla, níor tharraing Cromba a theorainn stairiúil air féin go dtí an bhliain 1685. Rinneadh Ros agus Cromba a riaradh le chéile mar Ros ... |
[Wikipedia:ga] Dùn Èideann
Is é Dún Éideann (Béarla agus Albainis: Edinburgh; Gaeilge na hAlban: Dùn Èideann) príomhchathair na hAlban, agus an dara cathair is mó. Tá dún ar chnoc ard os cionn an bhaile, áit a bhfuil iarsmalann míleata inniu uirthi.
Tá suíomh an rialtais arís i nDún Éideann ó athbhunaíodh Parlaimint ... |
[Wikipedia:ga] Glaschú
thumb|220px|Suíomh
Is í Glaschú (Gaeilge na hAlban: Glaschu) an chathair is mó in Albain. Ceantar mór tionscail a bhí ann tráth. Tá cáil ar Ollscoil Ghlaschú i go leor disciplíní acadúla. Ba i nGlaschú freisin a thosaigh an dearthóir Charles Rennie Mackintosh a aistear.
Tá dhá fhoireann sacair ... |
[Wikipedia:ga] Iomáint
deas|300px|mion|Camán agus [[sliotar.]]
Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn den chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na clui... |
[Wikipedia:ga] Féile Mhuire gan Smál
210px|mion|clé|Féile Mhuire gan Smál (Francisco Zurbarán)
Is ar an 8ú de mhí na Nollag atá Féile Mhuire gan Smál (nó Féile Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire). De réir sin, rugadh an Mhaighdean Mhuire gan pheaca. agus spáráladh Muire ó mhallacht Ádhaimh.
Diagacht
Tugann Críosta... |
[Wikipedia:ga] Helmut Kohl
Bhí an Dr. Helmut Josef Michael Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998.
Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa. I ndiaidh a bháis, dúirt Jean-Claude Juncke... |
[Wikipedia:ga] Antartaice
Ilchríoch atá timpeall ar an Pól Theas is ea an Antartaice. Tá an ilchríoch 14 milliún m² ar leithead.
Geolaíocht
Is mór an t-eolas atá le fáil ó charraigeacha agus ó iontaisí na hAntartaice agus rian na seanaeráidí teo agus an tseanfhásra thiubh go soiléir orthu.
200 milliún bliain ó shin ... |
[Wikipedia:ga] Seán Ó Lúing
Ba scríbhneoir Éireannach é Seán Ó Lúing, a rugadh i mBaile an Fhirtéirigh, Contae Chiarraí, sa bhliain 1917. Fuair a chuig meánoideachais i gCill Airne agus rinne staidéar ar Laidin agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall mar mhúinteoir agus bhí an stair... |
[Wikipedia:ga] Cearbhall Ó Dálaigh
Ba é Cearbhall Ó Dálaigh an cúigiú Uachtarán ar Éirinn (12 Feabhra, 1911 - 21 Márta 1978). Bhí sé ina Phríomhbhreitheamh agus ina ghnáthbhreitheamh sa Chúirt Uachtarach agus ina bhreitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach sular ceapadh ina Uachtarán é.
Bhí aithne air m... |
[Wikipedia:ga] Seán T. Ó Ceallaigh
Polaiteoir Éireannach ab ea Seán Tomás Ó Ceallaigh, (25 Lúnasa, 1882 – 23 Samhain, 1966). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin agus bhunaigh sé chomh maith an páipéar The Nation. Bhí sé ina bhall de Bhárdas Bhaile Átha Cliath ó 1906 go dtí 1924. Toghadh go Dáil Éireann é i 19... |
[Wikipedia:ga] Eoghan Rua Ó Súilleabháin
File as Ciarraí ab ea Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 – 29 Meitheamh 1784).
Saol
Rugadh Eoghan Rua in aice le Cill Airne agus a fuair a chuid oideachais i scoil scairte. Bhí sé ina mhúinteoir i nGníomh go Leith, ach b'éigean dó imeacht leis mar gheall ar eachtra náireach éigin... |
[Wikipedia:ga] Maigh Nuad
Is baile i gCill Dara in oirthear na hÉireann í Maigh Nuad. Bunaíodh an baile san 18ú haois, ach ainmníodh é ó rí a bhí in Éirinn sa tréimhse réamh-Chríostaí darbh ainm Mogh Nuadhat. Bhí eaglaisí Críostaí sa dúiche ach níor tháinig ann don bhaile go dtí tamall fada ina dhiaidh sin. Bhí caisle... |
[Wikipedia:ga] An Brú
Paróiste agus baile is ea an Brú. Is mó a thugann Gaeilgeoirí na háite Brú na nDéise mar ainm orthu araon. Bruff atá ag lucht an Bhéarla ar an áit. Tá timpeall is 800 duine ina gcónaí ann.
Tá an baile suite in oirthear Contae Luimnigh, i gceartlár Chlár Geal Mumhan, cúig mhíle déag laisteas de c... |
[Wikipedia:ga] Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ollscoil is sine in Éirinn. Tá sé suite i mBaile Átha Cliath, agus is é an t-aon chomhcoláiste atá ann in Ollscoil Átha Cliath.
thumb|clé|Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath
Stair
Bunaíodh Coláiste na Tríonóid... |
[Wikipedia:ga] Reilig Montparnasse
Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse (Sliabh Pharnassus) ar an gcomharsanacht seo i bPáras na Fraince mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris.
Tógadh an 'Boulevard Montparnasse' le linn na Réabhlóide agus bhíodh an-chuid hallaí damhsa agus amharcl... |
[Wikipedia:ga] Erskine Hamilton Childers
Ba é Erskine (Hamilton) Childers ceathrú hUachtarán na hÉireann (11 Samhain 1905 – 17 Samhain 1974). Ba mhac é le (Robert) Erskine Childers (féach Asgard), scríbhneoir agus náisiúnaí a bhí páirteach sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hÉireann. Bhí sé ina aire i gcúig rial... |
[Wikipedia:ga] Pádraig Ó hIrighile
Polaiteoir Éireannach, agus iar-Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ab ea an Dochtúir Pádraig Ó hIrighile nó Patrick Hillery (2 Bealtaine 1923 - 12 Aibreán 2008), an séú ceann a chaith dhá théarma san oifig idir na blianta 1976 agus 1990.
Dochtúir leighis a bhí ann, sula ndeachaigh s... |
[Wikipedia:ga] Máire Mhic Róibín
Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín, nó Mary Robinson (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) a bhí ina seachtú hUachtarán ar Éirinn, ó 1990 go 1997, agus ba í an chéad bhean sa phost sin. Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea í ó 1997 go 2002. Chaith sí sealanna freisin... |
[Wikipedia:ga] Doire
Is í Doire (, ) an dara cathair is mó i gCúige Uladh. Tugtar Doire Cholm Cille () nó Doire Calgaigh ar an gcathair freisin. Tá sé suite ar dhá thaobh d'abhainn an Fheabhail. Dar leis an meastachán is déanaí sa bhliain 2022, tá daonra de 150,500 ag Comhairle Cheantair Doire agus an tSráth Bán (Cont... |
[Wikipedia:ga] Ocsaigin
Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is... |
[Wikipedia:ga] Dochtúir teaghlaigh
mion|British Journal of General Practice
Dochtúir teaghlaigh (general practitioner nó G.P. as Béarla) a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm... |
[Wikipedia:ga] Teangacha Gaelacha
Is iad trí teangacha den chineál céanna iad na teangacha Gaelacha: Gaeilge, Gaeilge Mhanann, agus Gaeilge na hAlban. Síolraíonn siad go leor ón tSean-Ghaeilge a labhraíodh in Éirinn, agus ba theanga scríofa í ón 8ú haois agus roimhe.
Is dream amháin den fine teangacha Ceilteacha é an... |
[Wikipedia:ga] An Bhreatnais
Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea an Bhreatnais ar a dtugtar freisin an Chomraig, Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.
Úsáid
Sa bhliain 2021 bhí 538,000 'cainteoir' Breatna... |
[Wikipedia:ga] Aodh Ó Néill
Iarla Thír Eoghain, agus bróicéir cumhachta par excellence, ab ea Aodh Ó Néill (timpeall 1550 - 20 Iúil 1616), i gceannas ar fhórsaí na nGaeil i gCogadh na Naoi mBliana.
Achoimre
Sa bhliain 1594 thosaigh éirí amach in aghaidh riail Shasana in Éirinn. Mar thoradh air sin bhí Cogadh na Naoi ... |
[Wikipedia:ga] Galltacht
Tugtar an Ghalltacht ar an gcuid d' Éirinn nó d' Albain, ina labhraítear Béarla mar ghnáththeanga. Tugtar an Ghaeltacht (nó "an Gaedhealtacht" as Gaeilge Uladh) nó, in Albain, an Ghàidhealtachd, ar an gcuid den tír ina labhraítear Gaeilge mar ghnáththeanga. Tugtar breac-Ghaeltacht ar cheantar ... |
[Wikipedia:ga] An Spáinnis
Is í an Spáinnis nó Caistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Laidineach. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidin... |
[Wikipedia:ga] Riho Makise
Is ban-aisteoir as an tSeapáin í Riho Makise. Rugadh í i Fukuoka ar 17 Nollaig, 1971; tá fuil de shaghas B aici agus tá sí 160cm ar airde.
Cláir Teilifíse Tábhachtacha
* Ichiban Taisetsu na Hito wa Dare Desu Ka?
* Kangaeru Hito
* Hokken Jikyuu
* Teikyuu Onsen
* Mazaa & Ravaa ("Mathair & Lea... |
[Wikipedia:ga] Takeshi Kitano
Is stiúrthóir scannánaíochta agus fuirseoir as an tSeapáin é Beat Takeshi. Rugadh i gContae Tóiceo é, ar an 18 Eanáir, 1947, agus is é Takeshi Kitano an t-ainm a tugtar air. Tá sé 168 cm ar airde, 76kg de meáchan, agus tá cineál fola O aige.
Tá dochtúireacht in innealtóireacht tionsclaío... |
[Wikipedia:ga] Jun Matsuda
Is ban-aisteoir agus pop-cheoltóir ("íol") as an tSeapáin í Jun Matsuda. Rugadh í i dTóiceo ar an 7 Meitheamh 1977; tá an tíopáil fola AB aici; agus tá sí 160cm ar airde.
Cláir theilifíse mór le rá
* THE Yoru mo Hibbare (sa chlár seo bhí sí ina taoiseach don "Unit Ten/Musu")
* Downtown DX
*... |
[Wikipedia:ga] Sanma Akashiya
Fuirseoir agus aisteoir de chuid na Seapáine é Sanma Akashiya (明石家さんま Akashiya Sanma, 1 Iúil, 1955-). Rugadh é i gContae Wakayama (is é Takafumi Sugimoto (杉本高文 Sugimoto Takafumi) an bunainm atá air) agus tógadh é i Nara.
Tá sé 174cm ar airde, tá 61kg meáchan ann agus tá cineál fola B aig... |
[Wikipedia:ga] Calafoirt an Chonartha
Tar éis bunú an tSaorstáit sa bhliain 1922, choinnigh an Ríocht Aontaithe seilbh ar na calafoirt sa Chóbh, nó Queenstown mar a thugadh an rialtas air, i mBaile Chaisleáin Bhéara, iad araon i gContae Chorcaí, chomh maith le ceann i Loch Súilí i gContae Dhún na nGall. Bhí an réiteac... |
[Wikipedia:ga] Tinvaal
Is reachtas Oileán Mhanann (Ellan Vannin) é an Tinvaal, nó ní b'fhoirmiúla Ard-whaiyl Tinvaal (Gaeilge:Ard-Chúirt Tinvaal) nó Cúirt Tinvaal. Córas dhá sheomra atá ann, ar a dtugtar brainsí den Tinvaal: Yn Kiare as Feed (Teach na nEochracha) a toghadh go díreach agus Yn Choonceil Slattyssagh (An ... |
[Wikipedia:ga] Leithghlinn an Droichid
Is baile beag ar an Bhearú i gContae Cheatharlach, Éire é Leithghlinn an Droichid. Tá sé 11 km ó dheas de bhaile Cheatharlach, ar bhóthar an R705. Chuaigh príomhbhealach náisiúnta an N9 tríd an sráidbhaile tráth, ach seachnaíodh é sna 1980í.
Clúdaíonn sé bailte fearainn Leithghl... |
[Wikipedia:ga] An Ghealach
Is í an Ghealach (nó an Ré), an t-aon satailít nádúrtha a thimpeallaíonn an Domhain. Ar an meán, tá sí faoi thrí chéad cheithre mhíle agus ceithre scór chiliméadar (384,000 km) den Domhan. Mar sin, tógann solas na Gealaí beagáinín níos mo ná soicind amháin ar theacht go dtí an Domhan. Tá an ... |
[Wikipedia:ga] Réalteolaíocht
thumb|right|275px|Réalteolaíocht na An Ghealach|Gealaí: an [[cráitéar mór Daedalas, grianghraf a thóg criú Apollo 11 agus iad ag dul timpeall ar an ngealach sa bhliain 1969. Tá Daedalas i lár an taoibh den ghealach nach bhfuil le feiceáil ón domhan agus a thrastomhas thart ar 93 ciliméada... |
[Wikipedia:ga] Beannú do dhuine i dteangacha éagsúla
Clár ag leagan amach tríd aistriú ar bheannachtaí raidhse de theangacha agus de scríbhneoireacht an domhain.
Féach freisin : Uimhreacha ar fud an domhain, Go raibh maith agat ar fud an domhain
Nótaí
① Is é Nín hǎo an leagan béasach de nǐ hǎo , agus is é nǐmen hǎo ... |
[Wikipedia:ga] Cáisc
Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí (féach freisin Cáisc na nGiúdach). De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá.
mion|Séipéal Naomh Paraskevi in Langadas, 185... |
[Wikipedia:ga] An Bhriotáin
In iarthuaisceart na hEorpa atá an Bhriotáin (Briotáinis: Breizh). Tá oidhreacht Cheilteach ag an mBriotáin, ó chuaigh imircigh ón mBreatain anonn go dtí an ceantar in aimsir na Rómhánach. Sa lá atá inniu ann, is cúige í sa Fhrainc, cé gur baineadh an roinn (département) Loire Atlantique ón... |
[Wikipedia:ga] An Bhriotáinis
Is teanga Cheilteach í an Bhriotáinis (Brezhoneg) i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. I ré na hImpireachta Rómhánaí, chuaigh daoine thar farraige ón mBreatain go hiarthuaisceart na Fraince an lae inniu. Thugadar a dteanga leo, teanga a bhí á labhairt an uair úd ar fud an chuid is mó den Bh... |
[Wikipedia:ga] Craolachán
Ba é Guglielmo Marconi a dhear an céad craolachán a bhí ar a chumas éisteacht i bhfad i gcéin. Is le gathanna raidió, tonnta aibhléise, a théann an t-eolas thar an aer.
Tá éagsúlacht i gcumas taistil agus sa méid eolais ar féidir a chur amach, ag brath ar na tonnta a chuirtear amach.
AM
Is ... |
[Wikipedia:ga] Guglielmo Marconi
Ceapadóir, fiontraí agus fear gnó as Bologna na hIodáile, agus de shliocht Éireannach, ab ea Guglielmo Marconi-Jameson (25 Aibreán 1874 – 20 Iúil 1937). Dhear sé an chéad raidió fiúntach. Tugtar "athair an raidió' air.
Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Marconi, in éineacht le Karl-Fer... |
[Wikipedia:ga] Céadaoin an Luaithrigh
Tugtar Céadaoin an Luaithrigh ar an gcéad lá den Charghas, tréimhse 40 lá roimh an Cháisc nuair a bhíodh troscadh agus tréanas á ndéanamh ag Caitlicigh. Is gnách le Caitlicigh faoistin a dhéanamh.
Fuair Céadaoin an Luaithrigh a ainm as an cleachtadh na luaithrigh a chur ar na héa... |
[Wikipedia:ga] Luan Cásca
mion|clé|Lá cuimhneacháin 2016, Liberty Hall i mBaile Átha Cliath,
De réir staire na Críostaíochta, ba ar Luan Cásca an lá dár gcionn a d'aiséirigh Íosa Críost, Domhnach Cásca, ar feadh aimsire na Cásca.
In Éirinn
Ba ar Luan Cásca i 1916 a thosaigh Éirí Amach na Cásca in Éirinn. Bhí Óglaigh ... |
[Wikipedia:ga] Elmer Bernstein
Ba chumadóir Meiriceánach é Elmer Bernstein (4 Aibreán, 1922 – 18 Lúnasa, 2004) do scannáin. Scríobh sé ceol téama do níos mó ná 200 scannán agus clár teilifíse, ina measc
* "The Magnificent Seven",
* "The Great Escape",
* "The Ten Commandments" (1956),
* "The Man with the Golden Arm", ... |
[Wikipedia:ga] Sigmund Freud
clé|mion|250x250px|1866 (8 bliain d'aois) lena n-athair
Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud (6 Bealtaine 1856 - 23 Meán Fómhair 1939). Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamh-chomhfhiosacha a... |
[Wikipedia:ga] Vín
Is í Vín () príomhchathair na hOstaire agus an chathair is mó inti. Ba mhó a tábhacht nuair ab ann a bhí ceannláthair Impreachta na hOstaire agus na hUngáire. Is ar an Danóib atá sí suite.
Tá an-cháil uirthi mar gheall ar a cuid pálás ársa, Schloss Schönbrunn, díseart na Habsburgs, an ceol a cumadh... |
[Wikipedia:ga] Íosa Críost
Bhí Íosa (c. 4 RC - c. AD 30/33), ar a dtugtar Íosa as Nazarat nó Íosa Críost, ina sheanmóirí agus ina cheannaire reiligiúnach de chuid na nGiúdach san aonú haois. Is é an phearsa lárnach sa Chríostaíocht é. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe gur mac Dé é, a tháinig i measc na ndaoin... |
[Wikipedia:ga] Na taoidí
300px|mionsamhail|deas|Lag trá
An Ghealach is mó is cúis leis na taoidí i bhfarraigí an Domhain, agus iarmhairt lag ag an nGrian orthu freisin.
Aomann imtharraingt na Gealaí an t-uisce atá ar thaobh an Domhain gar don Ghealach i dtreo na Gealaí, agus aomann sé an Domhan soladach amach ón uisc... |
[Wikipedia:ga] Grian
Is í an Ghrian (siombail: ) an réalta is mó sa ghrianchóras. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.
Sroicheann ... |
[Wikipedia:ga] Ollscoil George Mason
Ollscoil in Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá, in aice le Washington, D.C., is ea Ollscoil George Mason. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1957 mar chraobhchampas de chuid Ollscoil Virginia, agus rinneadh ollscoil neamhspleách di sa bhliain 1972 de réir Achta de chuid Virginia.
T... |
[Wikipedia:ga] Liosta Ollscoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá
* An Coláiste William & Mary
* Boston University
* Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts
* Ollscoil Columbia
* Ollscoil Cornell
* Ollscoil George Mason
* Ollscoil Notre Dame
* Ollscoil Oirthuaisceartach
* Ollscoil Princeton
* Ollscoil Seton Hall
* Olls... |
[Wikipedia:ga] James M. Buchanan
Laureate an Duais Nobel agus taighdeoir eacnamaíochta é James McGill Buchanan Jr. (3 Deireadh Fómhair, 1919 - 9 Eanáir 2013). Rugadh é in Murfreesboro, Tennessee, SAM. Bhí sé ina ollamh ag Ollscoil George Mason le tamall fada, agus tá anailís ghéar ar an teoiric "logrolling" déanta aig... |
[Wikipedia:ga] Coláiste Liam agus Mháire
Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil "Coláiste" uirthi) is ea Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (Béarla: The College of William and Mary in Virginia). Tá an Coláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia i Stá... |
[Wikipedia:ga] Uisce
Is é atá in uisce ná leacht leamh, agus níl boladh nó blas air. Clúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain, na haigéin, na farraigeacha, aibhneacha agus lochanna,
Ní féidir le haon chineál beatha ar domhan maireachtáil gan uisce. Tuaslagann sé beagnach gach ábhar a bheag nó a mhór, ach amháin áb... |
[Wikipedia:ga] Na hAlpa
Tugtar na hAlpa ar cheann de na sliabhraonta is mó san Eoraip. Tá siad le fáil i lár na hEorpa lastoir den Ostair agus iad ag síneadh tríd an tSlóivéin, an Iodáil, an Eilvéis, trí Lichtinstéin agus tríd an nGearmáin siar go dtí an Fhrainc. Is é Mont Blanc an sliabh is airde sna hAlpa agus é 4,8... |
[Wikipedia:ga] Albert Einstein
Fisiceoir teoiriciúil ab ea Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é.
clé|mion|188x188px|Físeán: Einstein ina óige
Saothar
D'oibrigh Einstein amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí,... |
[Wikipedia:ga] Glúin na Buaidhe
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna 1940idí in Éirinn a bhí i nGlúin na Buaidhe (tabhair faoi deara go gcloíonn ainm na heagraíochta le gramadach Ghaeilge Uladh; "Glúin an Bhua" a bheadh ann de réir an Chaighdeáin). Ba iad Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha príom... |
[Wikipedia:ga] An Chéadaoin
Is í an Chéadaoin lá na seachtaine idir an Mháirt agus an Déardaoin. Tagann an t-ainm ón focal sean-Ghaeilge aoin, "céalacan". Do na Ceiltigh b'í an Chéadaoin an chéad lá den chéalacan roimh cheiliúradh na nDéithe ag deireadh na seachtaine.
Céadaoineacha ainmnithe
* Céadaoin an Luaithrigh,... |
[Wikipedia:ga] 29 Samhain
Is é an 29 Samhain an 333ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 334ú lá i mbliain bhisigh. Tá 32 lá fágtha sa bhliain.
Féilte
* An Albáin - Dita e Çlirimit
Daoine a rugadh ar an lá seo
* 1627 — John Ray, luibheolaí Briotanach (b. 1705)
* 1797 — Gaetano Donizetti, scríbhneoir ceol... |
[Wikipedia:ga] Óivid
Bhí Publius Ovidius Naso (20 Márta 43 RC – 17/18 AD), ar a dtugtar Óivid i nGaeilge, ina fhile Rómhánach, a mhair le linn réimeas Ágastais. Bhí sé beo ag an am céanna le Veirgil agus Horáit, a bhfuil sé rangaithe go minic mar cheann de na trí filí canónta de litríocht na Laidine. Mheas an scoláire... |
[Wikipedia:ga] 1 Aibreán
Is é an 1 Aibreán an 91ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 92ú lá i mbliain bhisigh. Tá 274 lá fágtha sa bhliain.
Féilte
* Lá Aibreáin nó Lá na nAmadán
* Lá féile: Ceallach, easpag Ard Mhacha
Daoine a rugadh ar an lá seo
* 1578 — William Harvey, lia Sasanach (b.1657)
* 1815 — O... |
[Wikipedia:ga] 18 Bealtaine
Is é an 18 Bealtaine an 138ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 139ú lá i mbliain bhisigh. Tá 227 lá fágtha sa bhliain.
Féilte
* Háítí - Lá na mBratach
Daoine a rugadh ar an lá seo
* 1631 — Stanisław Papczyński, sagart Polannach (b. 1701)
* 1824 — Wilhelm Friedrich Benedikt H... |
[Wikipedia:ga] Seanad Éireann
deas|300px|thumb|Seomra an tSeanaid i dTeach Laighean.
Is é Seanad Éireann Teach Uachtarach an Oireachtais, is é sin, Parlaimint na hÉireann. Tá an dá theach lonnaithe i dTeach Laighean. Tugtar seanadóirí ar bhaill an tSeanaid.
Cumhachtaí foirmiúla Sheanad an tSaorstáit agus Sheanad 1937
... |
[Wikipedia:ga] 4 Lúnasa
Is é an 4 Lúnasa an 216ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 217ú lá i mbliain bhisigh. Tá 149 lá fágtha sa bhliain.
Féilte
* New Brunswick, Ceanada - Lá féile New Brunswick
Daoine a rugadh ar an lá seo
* 1792 — Percy Bysshe Shelley, file Sasanach (b. 1822)
* 1805 — William Rowan ... |
[Wikipedia:ga] Pedro Álvares Cabral
B'é Pedro Álvares Cabral (timpeall 1467 - 1520), an chéad Eorpach a tháinig i dtír sa Bhrasaíl sa mbliain 1500. Bhí sé i bhfeidhmeannas na Portaingéile.
Luthshaol
Creidtear gur rugadh Cabral i mBelmonte, sa Chúige Beira Baixa na Portaingéile. Ba é an tríú mac de'n mhuirín Fernão Ca... |
[Wikipedia:ga] Cumarsáid
mion|Cumarsáid
Is éard atá i gceist le cumarsáid ná comhroinnt eolais. Má ghlactar le léamh leathan an fhocail, is féidir a rá gur gné bhunúsach na beatha fhéin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach.
Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más... |
[Wikipedia:ga] Dlí
mion|Dlí agus ceart
Riail nó roinnt rialacha is ea an Dlí nó an Reacht, é á chur i bhfeidhm ag na cúirteanna agus ag dul i bhfeidhm ar rialú stáit, ar an gcaidreamh idir forais an rialtais agus géillsinigh an stáit, agus ar an gcaidreamh atá ag géillsinigh ar a chéile.
Dáil reachtais nó údarás eile... |
[Wikipedia:ga] Éiceolaíocht
mion|Beach ag bailiú Neachtar|neachtair
Is éard atá san éiceolaíocht brainse den eolaíocht a dhéanann staidéar ar dháileadh agus ar líonmhaireacht na n-orgánach beo, agus an idirghníomhaíocht idir orgánaigh agus a dtimpeallacht is a gcomhshaol. Taispeánann an eolaíocht seo go bhfuil na neac... |
[Wikipedia:ga] Polaitíocht
mion|"Marcas de Grás", Breithiúnas, dráma le [[Máiréad Ní Ghráda ]]
Próiseas agus modh na cinnteoireachta i measc daoine is ea an pholaitíocht. Baineann sé le gach gné don idirghníomhaíocht i ngrúpaí, i gcúrsaí gnó, acadúla, creidimh agus rialtóireachta. Ó cuireadh eagar ar dhaoine an chéad ... |
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.